annuler
Change la taille du texte.
Remplace par des accords plus faciles à jouer.
Affiche les acccords français (Do, Ré, Mi…).
Seul le bas du texte défile, vous laissant ainsi les accords de départ visibles.
Certaines partitions n’affichent les accords qu’au début. Cet outil tente de les recopier dans l’ensemble du texte.
Marque le tempo à la vitesse que vous souhaitez.
Intro
verse 1
Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh
Is mo sháith le n-ól
Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe
Mo ráfla ceoil ná seinm théad
Atá bean in éirinn is níorbh fhearr léi beo
Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thárr faoi fhód
verse 2
Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom
Mur' bhfaighfinn ach póg
Ó bhean ar aonach nach ait an scéala
Is mo dháimh féin leo tá bean ab fhearr liom
Nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo
Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla
Dubhghránna cróin
Violin Break
verse 3
Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi
Go bhfaighinn an t-ór
Is tá bean 'na léine is fearr a méin
Ná na táinte bó le bean a bhuairfeadh
Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain
Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól